Seach-Churaclaim Eile

An Eolaí Óg

Gach bliain i Meánscoil Gharman, éiríonn le cúpla grúpa fáil tríd chuig an Eolaí Óg, i mBaile Átha Cliath. Tá an t-ádh dearg orainn sa scoil go bhfuil múinteoirí eolaíochta iontacha againn a thugann tacaíocht agus cabhair dá gcuid daltaí. Le deanaí d’éirigh le Clarisse Ní Chonchubhair, Pádraig Cox agus Sadhbh Bonnington an duais don tionscadal is fearr a cuireadh i láthair trí mheán na Gaeilge a bhaint. Bhí a dtionscadal ag féachaint ar conas is féidir le daoine Buillí Déchluasacha a úsáid chun a gcuid codlata a fheabhsú.

I mbliana tá Tiernán Busher agus Eoin Bonnington ag glacadh páirte sa chomórtas.

Creidimid gur deis iontach í an Eolaí Óg, agus go bhfuil an t-ádh linn an deis a bheith againn páirt a ghlacadh ann.

Meitheal

Gach bliain, bíonn ceathrar nó cúigear roghnaithe ón gcúigiú bliain le bheith ina gceannairí ar an meitheal. Cabhraíonn ceannairí na meithle le daltái na chéad bliana sa scoilbhliain nua. Sa champa, déanann siad go leor imeachtaí spraíúla ar nós cluichí nó spóirt foirne ionas go mbeidh lucht na céad bliana in ann meascadh lena chéile agus cairde nua a dhéanamh. Nuair a thosaíonn an scoilbhliain nua, casann ceannairí na meithle leo gach seachtain, le fáil amach conas atá ag éirí leo sa mhéanscoil agus bíonn cluichí agus imeachtaí spraíúla á gcur in eagar do na ranganna sin. Chomh maith leis sin, téann ceannairí na meithle ar thuras leis an gcéad bhliain agus i mbliana chuamar chuig Jumpzone agus Páirc an Chrócaigh agus bhí lá den chéad scoth acu. Go deimhin, is post ríthábhachtach atá ag ceannairí na meithle agus is onóir í a bheith roghnaithe mar bhall den choiste.

Gael Linn

Is comórtas náisiúnta iad díospóireachtaí Ghael Linn a mbíonn an deis ag daltaí Mheánscoil Gharman bheith páirteach iontu mar fhoireann trí mheán na Gaeilge. I mbliana, d’éirigh leis an bhfoireann díospóireachta fáil tríd chuig an gcraobh den chéad uair riamh i stair na scoile. Ar an bhfoireann bhí Clarisse Ní Chonchubhair (Bl4), Éire Ní Fhaoláin (Bl5) agus Gráinne Nic Ailín (Bl6), agus thug a múinteoir Elaíne Nic Réamoinn tacaíocht dóibh. Is deis í an díospóireacht le scileanna cumarsáide agus smaointeoireachta criticiúla cruthaithí a fhorbairt.

Green and White Festive St. Patrick's Day Facebook Post (1).png

YSI

Is deis iontach í an rang YSI atá á chur ar fáil don idirbhliain go bliantúil. Rang atá ann a bhíonn na daltaí fein á stiúradh agus ina roghnaíonn siad fadhb éigin a bhíonn á gcrá. Ansin, cuireann siad plean le chéile mar rang chun an fhadbh a réiteach.

San am atá caite bhí an an-rath ar na ranganna sna craobhanna gach bliain, leis an rang ag buachaint an ‘Best Social Media Award’ i mbliana leis an obair chrua a bhí curtha isteach acu ar na meáin shóisialta ag scaipeadh an scéil faoin bhfíréantacht. Is deis iontach an rang seo, a dhéanann an fhreagracht, obair foirne, scileanna cumarsáide agus féinmhuinín a chur chun cinn.

SVP

San idirbhliain, déanann na daltaí ‘module’ le carthanacht Naomh Uinseann de Pól, agus ina dhiaidh sin, bíonn an deis acu Coiste ‘SVP Óg’ a cruthú. Bhí grúpa beag seisir ó lucht na hidirbhliana ann i mbliana (2023). Ba é a misean ná feabhas a chur ar an Scoil agus ar an áit timpeall orthu.

Chruthaigh siad cártaí do na múinteoirí, reachtail siad díolacháin ar son na carthanachta, agus d’eagraigh siad bailiúcháin bruscair sa chéad bhliain chun feabhas a chur ar na háiteanna timpeall na scoile. Bhí an-spraoi acu, agus molann siad go mór do gach duine a bheith páirteach ann. Bhí an-deis acu difríocht mhór a dhéanamh ag an scoil agus ina dtimpeall.

Bailiúcháin Boscaí

Eagraíonn lucht na hidirbhliana achainí bosca bróg ar scoil gach bliain chun tacú leis an Achainí Náisiúnta Bosca Bróg. I mbliana d’éirigh linn boscaí a bhailiú ar son eagraíochtaí ar fud an Domhain i dtíortha an triú Domhain. Séard at san Achainí Bosca Bróg na seans cabhrú le páistí ar fud an Domhain agus tarraingt le chéile mar phobal chun cabhrú leo

Slideshow code under

Feabh 16
2026
Sos lár téarma
Feabh 28
2026
Cruinniú/Measúnachtaí Bliain 1 2627
Márta 16
2026
Lá Saoire
Márta 17
2026
Saoire bainc
Coill an Bhrúnaigh, Inis Córthaidh, Co Loch Garman Y21R2F2
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Meánscoil Gharman