Díospóireachtaí

Díospóireachtaí

Díospóireachtaí

21/01/2020

Craobh na hÉireann Beo

Brú ar an nasc thíos chun féachaint ar an nDíospóireacht beo ar an 21/01/2026 ag a 16.45.

https://youtube.com/live/yCScKaWujvQ?feature=share

Go néirí go geal leo.

Díospóireachtaí 2025

Ghlac foireann shóisearach agus shinsearach na scoile páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain i mbliana. Ba anseo i Méanscoil Gharman a bhí an chéad bhabhta ar an 13 Meán Fómhair.

Sheas Patrick Ó Duibhfinn, Mackenzie Nic Éadbhaird, Issy Nic Ránaill agus Romy Bangert an fód go muiníneach sa chéad bhabhta sa chomórtas.

Ba é an rún a bhí os a gcomhair: “Is fearr saol na cathrach ná saol na tuaithe.” Rinne an fhoireann argóint chothrom agus eolasach, ag cur béime ar ghnéithe mar dheiseanna oideachais agus fostaíochta, an éagsúlacht chultúrtha agus na háiseanna atá ar fáil sna bailte móra — agus ag plé na ndúshlán atá ag baint le saol na cathrach chomh maith. Léiríodh scileanna cumarsáide an-mhaith agus ba léir go raibh an fhoireann tar éis ullmhúchán cuimsitheach a dhéanamh.

Mar thoradh ar a n-iarrachtaí, d’éirigh leo an babhta a bhuachan agus moladh a fháil as a gcuid oibre agus a gcumas forbairt smaointe a chur i láthair go réidh agus go héifeachtach.

Ghlac foireann shinsearach na scoile páirt sa chéad bhabhta den chomórtas díospóireachta, arís anseo, i Meánscoil Gharman ar an 13 Deireadh Fómhair, agus léirigh siad caighdeán den scoth ó thús deireadh. Ba iad Ella Ní Fhaoláin, Chulainn Ó Faoláin agus Éanna Ó Raghallaigh a bhí mar ionadaithe don fhoireann sinsearach, mheall siad na moltóirí agus an lucht éisteachta lena n-argóintí láidre.

Ba é an rún a bhí á phlé acu ná: “Tá ról ríthábhachtach ag Uachtarán na hÉireann.” Is i gcoinne an rúin a bhí siad. Phléigh siad an ról stairiúil a bhí ag an Uachtarán agus an ról atá ag an Uachtarán i láthair na huaire. Tharla an díospóireacht seo le linn an Toghchán Uachtaránachta na hÉireann agus dá bhrí sin bhí neart smaointe suimiúla le cloisteáil ar an oíche.

D’éirigh leis an bhfoireann, agus fuair siad moladh speisialta ó na moltóirí as soiléireacht, cruinneas agus cumas labhartha den chéad scoth.

Reáchtáladh an dara babhta díospóireachta i nGaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala, áit ar sheas foireann shóisearach na scoile an fód arís le díograis agus le spiorad láidir iomaíochta. An rún a bhí a phlé acu ar an oíche ná: “Is saoránaithe maithe iad aos óg na hÉireann.”

Labhair siad le spioráid agus le fuinneamh ach faraor, níor éirigh leo dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Tá todhchaí lonrach le feiceáil ag an bhfoireann óg seo fós agus is cinnte go mbeidh siad ar ais níos láidre fós an bhliain seo chugainn.

Foireann Shinsearach: Bua Mór agus Áit sa Chraobh Réigiúnach

Bhí rath mór ar fhoireann shinsearach na scoile sa dara babhta díospóireachta, a reáchtáladh i nGaelcholáiste Chéitinn, Cluain Meala. An rún casta agus spéisiúil a bhí rompu ná: “Tá deireadh le comhar na gcomharsan in Éirinn.” Is ar son an rúin a bhí siad ar an oíche. Phléigh siad samplaí stairiúla agus comhaimseartha agus mheall siad na moltóirí arís lena gcuid cainte agus lena dtuairimí éagsúla.

Sheas Éanna, Ella agus Chulainn an fód arís agus labhair siad go soiléir, le muinín agus le díograis. Mar thoradh ar a n-obair dhíograiseach, d’éirigh leis an bhfoireann an bua a bhaint amach agus dul ar aghaidh go dtí an Chraobh Réigiúnach — éacht mór don scoil agus don fhoireann araon. Bail ó Dhia orthu agus go n-éirí leo!

Beidh pobal na scoile ag súil go mór le feiceáil cén chaoi a n-éireoidh leo i mí na Nollag don Chraobh Réigiúnach agus an rún a bheidh á phlé acu.

17-Samhain-25
20251013_170728.jpg
20251013_184549.jpg20251013_183230.jpg
Díospóireachtaí

D'éirigh le foireann sinsir díospóireachta na scoile an tseachtain seo caite agus beidh siad ag glacadh páirte sa chraobh réigiúnach an mhí seo chugainn. Go n-éirí go geal leo.

Feabh 16
2026
Sos lár téarma
Feabh 28
2026
Cruinniú/Measúnachtaí Bliain 1 2627
Márta 16
2026
Lá Saoire
Márta 17
2026
Saoire bainc
Coill an Bhrúnaigh, Inis Córthaidh, Co Loch Garman Y21R2F2
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Meánscoil Gharman