Coiste Glas

Coiste Glas

Ár Roghanna Inbhuanaithe/ An Coiste Glas

I Meánscoil Gharman, is ceist tábhachtach í ceist na timpeallachta agus inbhuanaithe.

Cuirtear i gcuimhne go rialta do na daltaí conas athchúrsáil a dhéanamh ar nithe i mbealach oiriúnach. Tá boscaí difriúla ar fáil ar fud na scoile don bhruscar agus baineann na daltaí úsáid as an mbosca ceart chun fáil réidh lena gcuid bruscair. Moltar athchúrsáil páipéir agus cartchláir chomh maith. Roinntear doicméid trí One Note nó Teams agus íslíonn sé sin úsáid an pháipéir ar scoil.

Tá an Coiste Glas gníomhach ag múineadh dúinn an tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus aire a thabhairt do himpeallacht na scoile.

Cabhraíonn ár múinteoir Shannon De Faoite linn tuiscint a bheith againn ar chonas athchúrsáil ceart a dhéanamh agus conas gur féidir linn cabhrú leis an timpeallacht. Bainimid an úsáid as ár ngairdín agus déanaimid iarracht é a fhorbairt.

garraiodoireachta1.png

Foghlaimíonn ár ndaltaí sa chúigiú bhliain an tábhacht a bhaineann lena gcuid torthaí, glasraí agus bláthanna a fhás, faoi conas samplaí a bhaint ó phlandaí eile agus conas iad a fhás i rang garradóireachta speisialta.

Anseo, obraíonn siad i bpolathollán agus i bplota an chomhphobail, ag fás agus ag baint a gcuid torthaí, fhad is a mbaineann siad tairbhe as radharcanna dochreidte an tSláine agus as aer úr na tuaithe.

Moltar do dhaltaí gach rud a thógann siad ar scoil ina mboscaí lóin a thabhairt abhaile. Ní chóir go rachadh aon leacht isteach sa bhosca bruscair. Moltar dóibh an cartón íoghairt a nígh sular gcuirtear é sa bhruscar. Déantar iarracht an méid is mó leictreachasa shabháil trí na soilse a mhúchadh nuair a fhágtar an seomra, plocóidí a casadh as nuair nach núsáidtear iad, mar shampla leis na ríomhairí. Tá buacairí uathoibríoch sna leithrísí a stopann tar éis 30 soicind chun an tuisce a shabháil.

Rang Garraíodóireachta

Rang Garraíodóireachta Tuigimid anseo i Meánscoil Gharman an tabhacht a bhaineann leis an timpeallacht agus áilleacht na tuaithe. Tá an t-ádh linn go bhfuilimid lonnaithe i gcúinne fíor-álainn de Loch Garman, contae atá millte leis an méid radharcanna áille agus tránna bána. Toisc go dtuigimid cé chomh tabhachtach is atá ár dtimpeallacht, is maith linn é sin a roinnt lenár ndaltaí agus iad a bheith fiosach ar nósanna is scileanna na tuaithe. Ar an gcioncheap sin cuirimid rang garraíodóireachta ar fáil do dhaltaí. Cuireann siad síolta sa tollán pola agus I bplotaí an phobail, foghlaimíonn siad conas cuí a coiméad ar an ngairdín agus cothaíonn siad plándaí nua ó shean-phlandaí. Tugann sé deis do na daltaí ealú ón strús agus a bheith ar aon leis an nadúr.

Feabh 16
2026
Sos lár téarma
Feabh 28
2026
Cruinniú/Measúnachtaí Bliain 1 2627
Márta 16
2026
Lá Saoire
Márta 17
2026
Saoire bainc
Coill an Bhrúnaigh, Inis Córthaidh, Co Loch Garman Y21R2F2
Cumarsáid
Suíomh / Location
© 2026 Meánscoil Gharman