
Tá brón mór orainn mar phobal scoile scéal báis ár n-iarscoláire Adam Ó Cinnéide a chloisteáil.
Adam Ó Cinnéide ár Laoch, Rógaire agus gCara.
Tá ár gcuid smaointe agus paidreacha lena theaghlach, a chairde agus a iar-chomhscoláirí ag an am brónach seo.
Beidh Adam i gcónaí mar chuid dár bpobal scoile agus cuimhneofar air go ceanúil.
Suaimhneas síoraí, Adam. Inár gcroí go deo.
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.